Fáilte go Gaelscoil Adhamhnáin

Is bunscoil lánghaelach í Gaelscoil Adhamhnáin suite i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall.

Táimid ag bogadh go dtí clárú gréasáin.

Foirm Iarratais in nGaeilge


Tá grúpa Facebook again darbh ainm “Nuacht na Gaelscoile”. Cuirtear sonraí ar an leathanach seo go rialta.

Má tá tu nua go dtí an scoil no má tá suim agat nios mo eolais a fháil faoi imeachtaí na scoile, tá fáilte romhat bheith linn.

Ní gá ach cúpla ceist a fhreagairt agus tabharfar cead duit bheith mar chuid den ghrúpa.

Bígí inár ngrúpa facebook


Tá Gaelscoil Adhamhnáin ag glacadh páirt i gclár na Roinne Oideachais, 'Brat Scoile Gníomhaí'

Is clár é seo a thugann aitheantas do scoileanna a spreagann gníomhaíochtaí fisiciúla agus corp-oideachais i bpobal na scoile. Beidh athbhreithniú á dhéanamh ar ár bplean corp-oideachais agus cuirfear gníomhaíochtaí fisiciúla ar fáil ar fud na scoile. Faoi láthair tá gach saghas spóirt ar siúl againn, idir damhsa, snámh, gleacaíocht, iománaíocht peil ghaelach, sacar, rugbaí agus lúthchleasaíocht. Cuirfear seachtain ghníomhach scoile ar fáil do phobal na scoile roimh dheireadh na scoilbhliana.

Ethos na Scoile

Is scoil lán-ghaeilge Chaitliceach í Gaelscoil Adhamhnáin. Scoil í Gaelscoil Adhamhnáin arbh í an Ghaeilge teanga ghnó agus chumarsáide na scoile go hiomlán. Déanfar gach ábhar taobh amuigh den Bhéarla a theagasc tré Ghaeilge.

Ár Scoil Ghlas

Tá béim mhór ar athchúrsáil agus ar fhuinneamh a shábháil sa scoil agus seo iad na rudaí a dheánann muid go rialta chun cuidiú le cúram na timpeallachta.

An Cultúr

Tá áit lárnach ag an Ghaeilge agus an chultúr Gaelach i saol na scoile agus bíonn seans ag na daltaí páirt a ghlacadh in imeachtaí éagsúla i rith na bliana.

Tuismitheoirí

Is é Coiste na dTuismitheoirí an struchtúr trínár féidir le tuismitheoirí na scoile, oibriú le chéile, ar mhaithe le hoideachais a gcuid bpáistí. Bíonn an Choiste ag comhoibriú leis an phríomhoide, foireann na scoile agus an Bord Bainistíocht, chun ceangal éifeachtach a dheánamh idir an scoil agus an baile.