Coiste na dTuismitheoirí

Cad é Coiste na dTuismitheoirí?

Is é Coiste na dTuismitheoirí an struchtúr trínár féidir le tuismitheoirí na scoile, oibriú le chéile, ar mhaithe le hoideachais a gcuid bpáistí. Bíonn an Choiste ag comhoibriú leis an phríomhoide, foireann na scoile agus an Bord Bainistíocht, chun ceangal éifeachtach a dheánamh idir an scoil agus an baile.

Ról Coiste na dTuismitheoirí

Eagraíonn Coiste na dTuismitheoirí imeachtaí a théann chun tairbhe do phobal na scoile.

  1. Oibríonn siad i gcomhpháirtíocht leis an Phríomhoide, an Bord Bainistíocht agus an pobal i gcoitinne, ar mhaithe le páistí na scoile.
  2. Tugann siad tacaíocht do thuismitheoirí bheith gníomhach i gcúrsaí oideachais a gcuid bpáistí.

Bíonn an Cruinniú Cinn Bliana ag Coiste na dTuismitheoirí go luath sa scoilbhliain (Meán Fómhair/Deireadh Fómhair). Bíonn cur síos deánta ar chúrsaí airgid agus ar imeachtaí na bliana. Bíonn coiste nua roghnaithe agus casann siad ar a chéile uair sa mhí ar feadh uair an chloig. Cuireann an rúnaí agus an chathaoirleach clár oibre le chéile agus ina measc bíonn nótaí ón Phríomhoide, imeachtaí atá le heagrú, polasaithe atá le socrú, cuntas airgid agus aon ghnó eile.

  • Le bliain anuas, d’eagraigh Coiste na dTuismitheoirí:
  • Griangraf scoile na bpáistí (Meán Fomhair)
  • Báiliucháin ag teach an phobail (Deireadh Fómhair)
  • Crannchur hamper (Samhain)
  • Féilire na scoile (Samhain)
  • Pacáil malaí (Aibreán)
  • Féasta i Halla na Trionóide fa choinne na páistí a rinne an coineartú (Feabhra) agus an chéad chomaoineach (Bealtaine).

Chuir Coiste na dTuismitheoirí go mór le ceannach na gcláracha idirghníomhacha, atá anois in achan rang. Beidh oíche eolais a reachtáil chun tuismitheoirí a chur ar an eolas faoi na cláracha seo agus an dóigh ina n-oibríonn siad.

Ta imeachtaí eagsúla le reachtáil againn don bhliain seo chugainn. Ina measc, beidh suíomh na scoile a sheoladh, cúrsaí ceoil a eagrú sa scoil agus cúrsaí soisialta a reachtáil, mar shampla céilí agus bóláil. Bíonn nuachtlitir míosiúil a chur amach againn chuig na tuismitheoirí. Ta muid i gconaí ag cuartú smaointe úra i dtaca le heachtraí a thig linn a eagrú. Mar sin de, bígí i dteagmháil linn.